BAILE NA NGALLÓLACH AGUS G-DAY (LÁ NA GAEILGE)

first_imgSraith úrnua ina mbeidh pobail nach pobail Ghaeltachta iad in ann dul in iomaíocht lena chéile le bheith ina mBuaiteoirí G-Team 2011 agus duais €40,000 ó Fhoras na Gaeilge a bhuachan le húsáid chun a gceantar áitiúil a chur chun cinn. Beidh an clár nua agus nuálach.Tá Baile na nGallóglach ceann de na balite atà ag glacadh páirte sa seó nua agus chaith foireann ón Adare Productions agus TG4 tamall ag scannánú sa bhaile le linn an tsamhraidh.‘Seard atá sa ‘G-Team’  ina bhfeicfear pobail nach labhraínn Gaeilge ó cheann ceann na hÉireann agus dúshlán a thabhairt dóibh ár dteanga dhúchasach a úsáid ina saol ó lá go lá. An bhfuil do bhúistéir áitiúil in ann feoil a dhíol leat i nGaeilge? An bhfuil na tuismitheoirí áitiúla in ann go leor den teanga a fhoghlaim le scéal a léamh dáleanaí ag am codlata? Tá Ceannairí Foirne le Gaeilge i ngach réigiún againn faoi láthair lena mbaile féin a chur san iomaíocht agus le bheith i gceannas ar iarracht a bpobal ar ‘G-Day’ (Lá na Gaeilge).‘Séard a bheidh in ‘G-Day’ an lá a thiocfaidh na ceamaraí chuig an mbaile le féachaint ar an bpobal agus féile á reáchtáil acu agus dian-iarracht á déanamh acu an Ghaeilge a labhairt i gcaitheamh an lae.Beidh na ceannairí foirne i gceannas ar gach gné den ullmhúchán ag druidim le G-Day ar an lá féin. Beidh na ceannairí foirne freagrach as muintir an bhaile a spreagadh dul i ngleic le dúshlán an G-Team chomh maith, agus an Ghaeilge a úsáid ó lá go lá sna seachtainí roimh an fhéile.TG4 Dé Domhnaigh @ 20:00 & Dé Céadaoin @ 20:30 (Ón 15ú Eanáir ar aghaidh) Is iad na moltóirí ar an chlár:Lorcan MacGabhannChaith Lorcán tréimhsí  oibre le Conradh na Gaeilge, le  hÓgras, leBord na Gaeilge, ina Fheidhmeannach Sinsearach i mBord na Gaeilge , lebhForas na Gaeilge agus ó 2001 mar Cheannasaí le Glór na nGael. Isbunaitheoir agus Cathaoirleach é ar Ghaelscoil Thaobh na Coille ó 1995i leith. Ba cisteoir agus ball de Bhord Stiúrtha Gaelscoileanna Teo éó 2000 – 2004. Ba cathaoirleach é agus is ball de Bhord Stiúrtha ForasPatrúnachta na Scoileanna LánGhaeilge é ó 1996 go dáta.Rossa Ó SnodaighRossa, ceoltóir agus gníomhaí teanga agus duine de bhunaitheoirí anbhanna rac Gaeilge ‘Kíla’.   D’oibrigh sé go dian dicheallach leGaelscoil a bhunú ina cheantar áitiúil Cluainín Uí Ruairc, Co.Liatroma.   Bhí an-bhaint freisin ag Rossa le bunú an ‘Speaker’sSquare’ i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath agus is é a bhíonni mbun ‘Puball Gaeilge’ Electric Picnic gach bliain.Mary HanafinIarmhúinteoir meánscoile Gaeilge agus Staire í Mary Hanafin.   Chaithsí cheithre bliana déag ina Teachta Dála agus sa tréimhse sin bhí síina hAire Oideachais agus Eolaíochta (2004-08), ina hAire GnóthaíSóisialacha agus Teaghlaigh (2008-10), in hAire Turasóireachta,Cúltúir agus Spóirt (2010-11) agus ina hAire Fiontar, Trádála agusNuálaíochta (2011).BAILE NA NGALLÓLACH AGUS G-DAY (LÁ NA GAEILGE) was last modified: January 8th, 2012 by BrendaShare this:Click to share on Facebook (Opens in new window)Click to share on Twitter (Opens in new window)Click to share on LinkedIn (Opens in new window)Click to share on Reddit (Opens in new window)Click to share on Pocket (Opens in new window)Click to share on Telegram (Opens in new window)Click to share on WhatsApp (Opens in new window)Click to share on Skype (Opens in new window)Click to print (Opens in new window) Tags:BAILE NA NGALLÓLACH AGUS G-DAY (LÁ NA GAEILGE)last_img read more